Treoirlínte maidir le hÁirithint a Dhéanamh | Heritage in Schools

Treoirlínte maidir le hÁirithint a Dhéanamh

  1. Faigh ceadú ón bPríomhoide nó ón mBord Bainistíochta le haghaidh na cuairte.
  2. Roghnaigh Speisialtóir ón Liosta Speisialtóirí Oidhreachta.
  3. Déan teagmháil leis an Speisialtóir Oidhreachta agus socraigh dáta, am agus fad na cuairte.
  4. Pleanáil ábhar na cuairte in éineacht leis an Speisialtóir Oidhreachta agus déan cinneadh i dtaobh an ullmhúcháin atá le déanamh ag an saineolaí, ag an múinteoir agus ag na daltaí roimh an gcuairt.
  5. Ní mór gach áirithint a dhéanamh leis an gComhairle Oidhreachta roimh an gcuairt. Bain úsáid as ár gcóras áirithinte ar líne, le do thoil. Más rud é nach ndéantar áirithint roimh ré, d’fhéadfadh sé nach dtabharfaidh an Chomhairle Oidhreachta fóirdheontas i leith na cuairte.
  6. Ní mór costas na cuairte a íoc go díreach leis an R-Speisialtóir Oidhreachta tar éis gach cuairt ar leith. Clúdaíonn an Chomhairle Oidhreachta costais taistil.
  7. Ní mór foirm ghearr mheastóireachta ar líne a chomhlánú tar éis gach cuairt ar leith.
  8. Ní ceart líon na leanaí a ghlacann páirt i gcuairt ó Speisialtóir Oidhreachta a bheith níos mó ná 30.
  9. Ní mór don mhúinteoir fanacht leis an rang agus leis an Speisialtóir Oidhreachta gach tráth le linn na cuairte.
  10. Níltear ag súil go ndéanfaidh an Speisialtóir Oidhreachta maoirseacht ar dhaltaí ina aonar nó ina haonar nach go mbeidh fad na cuairte níos faide ná mar a chomhaontaítear.
  11. Ní féidir áirithintí a dhéanamh ach amháin le haghaidh na bliana féilire reatha.