Faisnéis faoi Speisialtóirí Oidhreachta | Heritage in Schools

Faisnéis faoi Speisialtóirí Oidhreachta

Draíocht an bhéaloidis áitiúil, mionsonraí fuilteacha faoin saol i gcaisleán meánaoiseach, fairsinge na beatha atá ann i bhforaois in aice láimhe nó fuaim gléasanna ársa ceoil á seinm ag ár sinsir - is nithe iad sin, gan trácht ar nithe eile, ar féidir lenár bpainéal Speisialtóirí Oidhreachta iad a léiriú go díreach duit!

Cé hiad na Speisialtóirí Oidhreachta?

Tá raon saibhir ilchineálach scileanna agus eolais ag speisialtóirí ar ár bpainéal maidir le raon réimsí speisialtóireachta, agus tá ardcháilíochtaí ag cuid mhór acu sa réimse ina bhfeidhmíonn siad nó tá taithí forleathan acu ar obair a dhéanamh ina réimse féin. Soláthraíonn siad foghlaim ghníomhach agus idirghníomhach de chineál traschuraclaim trí bhíthin scéalaíochta, taibhiúcháin agus ceardlanna praiticiúla.

Tá taithí forleathan ag cuid mhór de na Speisialtóirí cheana féin maidir le hobair a dhéanamh le leanaí sa seomra ranga agus seolfaidh cuid acu a gcuairt trí mheán na Gaeilge ach iarraidh a fháil ina leith sin!

Le gur féidir leis na Speisialtóirí Oidhreachta páirt a ghlacadh sa scéim, cuirtear iad go léir faoi réir ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána agus déanann siad cúrsa oiliúna leis an gComhairle Oidhreachta.

Féadfaidh scoileanna comhaontú a dhéanamh leis an gComhairle Oidhreachta de réir Alt 12(3A) den Acht Grinnfhiosrúcháin ar mhaithe le nochtadh grinnfhiosrúcháin a chomhroinnt.

Aimsigh Speisialtóir atá gar duit féin!

Féach an liosta iomlán Speisialtóirí anseo. Tugann próifíl gach Speisialtóra forléargas ar na cineálacha gníomhaíochtaí a mbainfidh na leanaí taitneamh astu le linn na cuairte scoile. Tá léiriú le fáil sa phróifíl freisin i dtaobh cad iad na grúpaí ranganna a n-oibríonn an speisialtóir leo, an dtugann siad cuairt ar scoileanna lasmuigh dá gcontae féin, an oibríonn siad le leanaí ag a bhfuil riachtanais speisialta, an eagraíonn siad ceardlanna trí mheán na Gaeilge nó an mbíonn gníomhaíochtaí praiticiúla/rannpháirtíochta ann do na leanaí.

Is féidir leat Speisialtóir Oidhreachta a lorg de réir Contae, Grúpa Ranga nó Ábhair (Eolaíocht/Geolaíocht/Stair).

Conas a dhéantar iarratas chun d’ainm a chur ar phainéal Speisialtóirí Oidhreachta na Scéime Oidhreachta sna Scoileanna?

Níl aon phleananna ann baill nua a earcú chuig an bpainéal sa ghearrthéarma.

Sa roinn seo

  • Faisnéis faoi Speisialtóirí Oidhreachta
  • Speisialtóir a Chur in Áirithe
  • Treoirlínte maidir le hÁirithint a Dhéanamh
  • Speisialtóir a Lorg
  • Éilimh ó Speisialtóirí Oidhreachta
  • Acmhainní do Speisialtóirí Oidhreachta
  • Cód iompair
  • Nós imeachta maidir le gearáin