Cód iompair | Heritage in Schools

Cód iompair

Rialaítear misean na Comhairle Oidhreachta leis an Acht Oidhreachta, 1995, lena gceanglaítear ar an gComhairle beartais agus tosaíochtaí a mholadh ar mhaithe leis an oidhreacht náisiúnta a shainaithint, a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú. Is ábhar spreagtha é don Chomhairle Oidhreachta an t-ionchas go mbeidh cúrsaí oidhreachta i gcroílár na sochaí agus na cinnteoireachta in Éirinn faoin mbliain 2022 agus go mbeidh aitheantas idirnáisiúnta air mar ionad sármhaitheasa i dtaca le bainistiú agus caomhnú na hoidhreachta agus i dtaca le rannpháirtíocht an phobail i gcúrsaí oidhreachta.

An Misean agus an Fhís atá againn

Ár gCuid Luachanna

  • Na caighdeáin is airde i dtaca le hionracas maidir le cúram oidhreachta
  • Rochtain agus macántacht
  • Gairmiúlacht agus éifeachtúlacht
  • Rannpháirtíocht agus comhpháirtíocht
  • Uilechuimsitheacht shóisialta
  • Inbhuanaitheacht agus cáilíocht na beatha

Tá an cód seo ceaptha chun treoirlínte a sholáthar do Speisialtóirí Oidhreachta maidir le hiompar gairmiúil cuí le linn cuairteanna scoile a shocrú agus a chur i gcrích. Is ceart do Speisialtóirí Oidhreachta a sheolann ceardlanna faoin Scéim Oidhreachta sna Scoileanna an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Luachanna na Comhairle Oidhreachta a chur chun cinn agus gan aon ní a dhéanamh trí ghníomh nó trí neamhghníomh a bhainfeadh an bonn de na luachanna sin.
  • A lua go soiléir, le linn cumarsáid a dhéanamh le scoileanna, go dtairgtear cuairteanna tríd an Scéim Oidhreachta sna Scoileanna agus go ndéanann an Chomhairle Oidhreachta iad a pháirtmhaoiniú.
  • Cloí le hábhar cuairte agus le formáid chuairte de réir mar atá ceadaithe i leith na nithe sin.
  • Iad féin a iompar ar mhodh gairmiúil, measúil, cúirtéiseach, uilechuimsitheach agus eiticiúil le linn cuairteanna faoin Scéim Oidhreachta sna Scoileanna a shocrú agus a sheoladh.
  • Plé faoi thuairimí pearsanta nó polaitiúla, nó cur chun cinn seirbhísí tráchtála nó táirgí ar leith, a sheachaint le linn ceardlann.
  • Féachaint le haon ghearáin agus ábhair imní a réiteach trí Nós Imeachta na Comhairle Oidhreachta maidir le Gearáin faoin Scéim Oidhreachta sna Scoileanna.
  • Cloí leis na prionsabail a bhaineann le ‘gan rian a fhágáil’ nuair a bhítear i mbun obair allamuigh nó nuair a thugtar cuairt ar láithreáin oidhreachta.
  • Leasanna fostaíochta nó gnó a nochtadh, ar leasanna iad atá, nó a d’fhéadfadh a bheith, ag teacht salach ar ghnó na Comhairle Oidhreachta.