Conas a Oibríonn an Scéim | Heritage in Schools

Conas a Oibríonn an Scéim

Soláthraíonn an Scéim Oidhreachta sna Scoileanna painéal Speisialtóirí Oidhreachta a thugann cuairt ar bhunscoileanna (cuairt i bpearsa nó cuairt fhíorúil) chun cabhrú le leanaí agus lena múinteoirí foghlaim faoina n-oidhreacht áitiúil agus an oidhreacht sin a thuiscint. Tacaíonn an Scéim le haidhmeanna agus le cuspóirí sonraithe an churaclaim Oideachais Shóisialta, Eolaíochta agus Imshaoil (OSEI) agus soláthraíonn sí uirlis agus acmhainn bhreise oideachais do mhúinteoirí.

  • Feasacht, meas, spéis agus tuiscint níos mó i leith ár n-oidhreachta a ghiniúint i measc leanaí bunscoile (san aoisghrúpa 4 - 12) trí spreagadh a thabhairt do mhúinteoirí agus do dhaltaí araon chun teagmháil a bheith acu lena n-oidhreacht áitiúil ar bhealach praiticiúil, idirghníomhach agus dearfach trí bhíthin foghlaim áit-bhunaithe.
  • Chun foghlaim sa seomra ranga allamuigh a spreagadh ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar laghdú méadaitheach an mhéid ama a chaitheann leanaí na hÉireann amuigh faoin spéir.

D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh i gceist le cuairt i bpearsa ó Speisialtóir Oidhreachta sna Scoileanna ná cuairt ar fhearann do scoile nó cuairt ar láithreán áitiúil oidhreachta. Cuairteanna praiticiúla idirghníomhacha a bhíonn ann agus seoltar iad sa seomra ranga allamuigh i gcás inar féidir sin a dhéanamh. Déanfaidh an Speisialtóir an chuairt a shaincheapadh de réir do chuid riachtanas féin agus d’fhéadfadh sé go ndéanfaí cuairt lae nó cuairt leathlae a struchtúrú ionas go mbeadh an Speisialtóir ag obair le grúpaí éagsúla leanaí i rith na cuairte. Tá méid na ngrúpaí teoranta do 30 leanbh an ceann.

Téigh chuig ár n-eolaire Speisialtóirí Oidhreachta chun na hábhair a thairgtear a fheiceáil.

Cumasaíonn ár gclár fíorúil Oidhreachta sna Scoileanna do scoileanna a bheith i dteagmháil go fíorúil lenár Speisialtóirí i gcás srianta a bheith ann a d’fhéadfadh teorainn a chur leis an deis chun cuairteanna i bpearsa a eagrú nó i gcás nach féidir leis an Speisialtóir cuairt a thabhairt ar an scoil i bpearsa mar gheall shuíomh geografach.

Tairgeann cuairt fhíorúil meascán de sheisiúin réamhthaifeadta agus de sheisiúin bheo idirghníomhacha do leanaí agus clúdaíonn sí na gnéithe seo a leanas:

  1. Físeán réamhthaifeadta (10-15 nóiméad do ranganna sóisearacha agus 20 nóiméad (ar a mhéad) do ranganna sinsearacha). Tá sosanna sceidealta, mar aon le leideanna do mhúinteoirí, ann san fhíseán chun deis a thabhairt le haghaidh plé sa rang.
  2. Tá nótaí múinteora le haghaidh gach taifeadta, chomh maith le gníomhaíochtaí agus leatháin oibre, le hullmhú le linn an tseisiúin, nó ina dhiaidh.
  3. Seisiún fíorama fíorúil leis na leanaí agus leis an múinteoir (40-60 nóiméad) a sheoladh thar Zoom. Is seisiún é sin a bheidh ann tar éis an tseisiúin agus na ngníomhaíochtaí réamhthaifeadta. Is seisiúin idirghníomhacha iad na seisiúin sin agus gníomhaíocht ann ina lár chun am scáileáin a bhearnú agus chun ligean don mhúinteoir ionchur a chur ar fáil.

Téigh chuig ár n-eolaire Speisialtóirí Oidhreachta chun na hábhair a thairgtear a fheiceáil.

Cé mhéad a chosnaíonn cuairt i bpearsa ó Speisialtóir?

Déanann an scoil agus an Chomhairle Oidhreachta cuairteanna a pháirtmhaoiniú. Chomh maith leis sin, clúdóidh an Chomhairle Oidhreachta costais taistil.

Fad na cuairte Leathlá (2.5 - 3 uaire an chloig) Lá Iomlán (5 - 5.5 huaire an chloig)
Costas don scoil €60 €100
Costas don Chomhairle Oidhreachta €50 €100
Costas do scoil faoi mhíbhuntáiste €40 €60
Costas don Chomhairle Oidhreachta €70 €140

Cé mhéad a chosnaíonn cuairt fhíorúil ó Speisialtóir?

Déanann an scoil agus an Chomhairle Oidhreachta cuairteanna a pháirtmhaoiniú. Le linn cuairt fhíorúil bíonn ábhar réamhthaifeadta ann, cuirtear nótaí tacaíochta ar fáil agus bíonn dhá sheisiún bheo ann trí Zoom (40-60 nóiméad)

Cuairt fhíorúil Ábhar réamhthaifeadta, nótaí tacaíochta agus 2 sheisiún bheo trí Zoom
Costas don scoil €60
Costas don Chomhairle Oidhreachta €90
Costas do scoil faoi mhíbhuntáiste €40
Costas don Chomhairle Oidhreachta €110

Maoiníonn an Scéim cuairteanna a thacaíonn le curaclam OSEI [amháin] i gcás ina bhfuil nasc idir na hábhair agus aidhmeanna sonraithe na Scéime mar atá leagtha amach thuas. 

Is ceart baint a bheith ag na hábhair leis an oidhreacht áitiúil agus féadfaidh ábhair a bheith ann atá sainithe san Acht Oidhreachta: séadchomharthaí, nithe seandálaíochta, nithe oidhreachta amhail saothair ealaíne agus tionscail, doiciméid agus taifid ghinealais, an oidhreacht ailtireachta, flora, fauna, gnáthóga fiadhúlra, tírdhreacha, muirdhreacha, raiceanna, geolaíocht, gairdíní oidhreachta, páirceanna agus uiscebhealaí intíre.

Tacaíonn an Scéim le hábhair oidhreachta i gcoitinne lena n-áirítear cultúr, ginealas, béaloideas, oidhreacht bhéil agus stair áitiúil agus é mar aidhm aici na naisc idir ealaíon, cultúr agus oidhreacht a neartú.

Déantar cuairteanna a chlúdaíonn téama ‘Bithéagsúlacht’ na Scoileanna Glasa a mhaoiniú tríd an Scéim - ní thagann téamaí eile chlár na Scoileanna Glasa faoi réim na Scéime.

Má chuireann scoil cúig chuairt in áirithe leis an Speisialtóir sa bhliain féilre chéanna beidh an cúigiú cuairt saor in aisce i.e. clúdóidh an Chomhairle Oidhreachta costas iomlán an chúigiú cuairt. Ní mór na cuairteanna go léir a bheith ann sa bhliain féilire chéanna.

  • Téigh chuig láithreán gréasáin ‘Oidhreacht sna Scoileanna’ ag www.heritageinschools.ie agus déan brabhsáil sa roinn a bhaineann le Speisialtóirí Oidhreachta le haghaidh ‘cuairt fhíorúil’ nó ‘cuairt i bpearsa’
  • Nuair a aimsíonn tú Speisialtóir a oireann do riachtanais s’agat féin, déan teagmháil leis an Speisialtóir chun dáta a shocrú agus, ansin, roghnaigh ‘cuairt a chur in áirithe’ ar leathanach próifíle an Speisialtóra sin nó téigh go díreach chuig an leathanach áirithinte más rud é gur labhair tú leis an Speisialtóir cheana féin
  • Nuair a cheadaítear an áirithint gheobhaidh tú teachtaireacht ríomhphoist lena ngabhann uimhir thagartha
  • Déan socruithe inmheánacha lena chinntiú go mbeidh an íocaíocht réidh lena tabhairt don Speisialtóir Oidhreachta ar lá na cuairte

Tabhair an méid seo do d’aire, le do thoil, roimh iarraidh ar áirithint a thíolacadh:

  • Glacfaidh Speisialtóirí leis an riosca go bhféadfadh sé nach mór cuairteanna a chealú de bharr drochaimsire ach tá sé de cheangal ar scoileanna fógra CÚIG lá oibre ar a laghad a thabhairt i leith cealuithe más féidir sin a dhéanamh. Iarrtar ort a thuiscint gur daoine féinfhostaithe iad na Speisialtóirí agus nach bhfaigheann siad íocaíocht le haghaidh cuairteanna cealaithe - is ionann cealú déanach agus cailleadh tuilleamh!
  • D’fhéadfadh sé tarlú go n-iarrfaidh an Speisialtóir Oidhreachta íocaíocht roimh ré chun an áirithint a ráthú I gcásanna den sórt sin, aisíocfaidh an Speisialtóir an íocaíocht ina hiomláine i gcás fógra CÚIG lá oibre faoin gcealú a bheith tugtha
  • Seolann beirt Speisialtóirí, agus iad ag obair in éineacht lena chéile, roinnt clár - i gcásanna den sórt sin, beidh ráta dúbailte le híoc
  • Oibreoidh na Speisialtóirí le 30 leanbh ar a mhéad
  • Ní mór do mhúinteoir an ranga foirm dhaingnithe cuairte (FDC) a chomhlánú agus a shíniú tar éis gach cuairt ar leith
  • Ní mór foirm ghearr mheastóireachta a chomhlánú tar éis gach cuairt ar leith (nó tar éis sraith cuairteanna má sheolann Speisialtóir ar leith níos mó ná cuairt amháin)
  • Ní mór prótacal Covid-19 a chur chuig an Speisialtóir le ríomhphost roimh an gcuairt. Cloífidh ár Speisialtóirí go docht le prótacail atá i bhfeidhm
  • Coimeádfaidh Speisialtóirí iad féin cothrom le dáta faoi bhearta sláinte poiblí a bhaineann le COVID-19
  • Ní mór gach áirithint a bheith ceadaithe ag an gComhairle Oidhreachta roimh an gcuairt. Más rud é nach ndéantar áirithint roimh ré, d’fhéadfadh sé nach dtabharfaidh an Chomhairle Oidhreachta fóirdheontas i leith na cuairte.

  • Go bhfuil teagmháil déanta leis an Speisialtóir Oidhreachta agus gur aontaigh an Speisialtóir sin leis na dátaí a iarradh
  • Go mbeidh múinteoir an ranga i láthair gach tráth le linn na cuairte agus go gcoimeádfaidh an múinteoir sin maoirseacht dhóthanach ar bun ar na leanaí
  • Nach ceart líon na leanaí a bheidh páirteach i gcuairt níos mó ná 30 agus, i gcás cuairteanna fíorúla, gur ceart é a sheoladh ó aon rang amháin
  • Ina cháil nó ina cáil mar chuairteoir a bhfuil cuireadh faighte aige nó aici, go bhfuil an speisialtóir oidhreachta clúdaithe le hárachas dliteanais phoiblí na scoile
  • Go ndéanfar íocaíocht de réir an ráta chomhaontaithe a thabhairt don speisialtóir oidhreachta ag deireadh gach cuairt ar leith
  • Go ndéanfar sonraí maidir le faisnéis teagmhála i leith rannpháirtithe an tseisiúin a bhailiú i gcomhréir leis an reachtaíocht a bhaineann le RGCS (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)
  • Nach gceadaítear do na rannpháirtithe aon ghrianghraf, físeán ná closábhar (i gcás cuairt fíorúil nó cuairt i bpearsa) a thaifeadadh
  • Nach ndéanfar naisc le hacmhainní a sholáthraíonn an Speisialtóir a chomhroinnt le tríú páirtithe
  • Go gcomhlánófar suirbhé meastóireachta ar líne a chomhlánú tar éis gach cuairt ar leith
  • Go dtabharfaidh múinteoir an ranga Foirm Dhaingnithe Cuairte a thabhairt don speisialtóir tar éis gach cuairt ar leith (laistigh de dhá lá oibre)
  • Go bhfuil toiliú faighte ag an scoil ó thuismitheoirí na leanaí go léir atá páirteach i gcuairteanna fíorúla
  • Go bhféadfaidh ionadaí de chuid na Comhairle Oidhreachta freastal ar sheisiúin fhíorúla ar mhaithe le meastóireacht a dhéanamh más rud é go socraítear an méid sin leis an múinteoir roimh ré
  • Féachfar ar an rang teagaisc réamhthaifeadta, agus cuirfear tascanna gaolmhara i gcrích, roimh an gcuairt fhíorúil bheo
  • Go dtabharfar fógra 5 lá ar a laghad i leith cealuithe. Is duine féinfhostaithe é nó í an Speisialtóir agus ní fhaigheann sé nó sí íocaíocht má chealaítear cuairt. Má thugtar fógra dóthanach beifear in ann obair eile a sceidealú