Nós imeachta maidir le gearáin | Heritage in Schools

Nós imeachta maidir le gearáin

I gcás inar mian le Múinteoirí nó Príomhoidí gearán foirmiúil a dhéanamh i ndáil le hiompar Speisialtóir na Scéime Oidhreachta sna Scoileanna le linn cuairt faoin Scéim Oidhreachta sna Scoileanna (idir chuairt fhíorúil agus chuairt i bpearsa) a shocrú nó a sheoladh, is féidir leo sin a dhéanamh le ríomhphost chuig mwalsh@heritagecouncil.ie laistigh de 30 lá ó thráth an teagmhais a n-éiríonn an gearán as.

  • Is ceart a thabhairt do d’aire nach mbreithneofar ach gearáin a bhaineann go díreach le hiompar Speisialtóra Oidhreachta sna Scoileanna le linn cuairt faoin Scéim Oidhreachta sna Scoileanna (idir chuairt fhíorúil agus chuairt i bpearsa) a shocrú nó a sheoladh. D’fhéadfadh sé nach ndéanfar imscrúdú faoi ghearán más rud é, mar thoradh ar réamh-imscrúdú, go gcinntear go bhfuil ábhar an ghearáin gan tábhacht nó go meastar go bhfuil an gearán cráiteach nó nach ndearnadh é de mheon macánta.

  • Tar éis gearán a fháil, déanfaidh Bainisteoir Tionscadail de chuid na Scéime Oidhreachta sna Scoileanna, laistigh de 5 lá oibre, admháil a thabhairt á rá go bhfuarthas an gearán agus déanfaidh sé nó sí na bearta a bheartaíonn sé nó sí a dhéanamh chun an gearán a imscrúdú agus na teorainneacha ama a bhaineann le cur i gcrích an imscrúdaithe a leagan amach.

  • Más rud é nach gcomhlíonann gearán na critéir a bhaineann le himscrúdú a dhéanamh, cuirfidh Bainisteoir Tionscadail na Scéime Oidhreachta sna Scoileanna a méid sin in iúl don ghearánach laistigh de 5 lá oibre ón tráth a thugtar admháil á rá go bhfuarthas an gearán.

  • Lorgóidh Bainisteoir Tionscadail na Scéime Oidhreachta sna Scoileanna toiliú an ghearánaigh agus an Speisialtóra Oidhreachta lena mbaineann an gearán i leith féachaint le teacht ar réiteach neamhfhoirmiúil ar an ngearán idir na páirtithe lena mbaineann.

  • Ag deireadh an imscrúdaithe, déanfaidh Bainisteoir Tionscadail na Scéime Oidhreachta sna Scoileanna tuarascáil ar a imscrúdú nó ar a himscrúdú a sholáthar don ghearánach agus don Speisialtóir Oidhreachta. Mar chuid den tuarascáil, leagfar amach aon mholtaí a bhfuil gá leo chun an t-ábhar a réiteach agus tabharfar cuireadh don ghearánach agus don Speisialtóir Oidhreachta ceisteanna a chur faoi aon saincheisteanna ar leith.

  • I gcás ina bhfuil an gearánach nó an Speisialtóir Oidhreachta míshásta leis na moltaí a dhéantar tar éis an imscrúdaithe, féadfar an gearán a chur ar aghaidh chuig an duine iomchuí de lucht bainistíochta sinsearaí na Comhairle Oidhreachta.

  • Tá sé d’oibleagáid ar Speisialtóirí Oidhreachta páirt a ghlacadh in imscrúdú aon ghearán, agus tacú le himscrúdú den sórt sin, aon uair a iarrtar air nó uirthi déanamh amhlaidh.

  • Féadfaidh Speisialtóirí teagmhais a thuairisciú go díreach do Bhainisteoir Tionscadail na Scéime Oidhreachta sna Scoileanna i gcás ina gceapann sé nó sí bhfuil scoil ag cloí leis na Téarmaí & Coinníollacha. I gcás nach gcloíonn scoil le Téarmaí & Coinníollacha atá comhaontaithe, d’fhéadfadh sé go gcoinneofar cuairteanna siar.