An Beartas maidir le Cosaint Leanaí
Tá dualgas corparáideach ar an gComhairle Oidhreachta chun sábháilteacht agus folláine leanaí a mbíonn sí i dteagmháil leo, in aon cháil, a chur chun cinn.
Déileálann an Doiciméad maidir le Beartas Cosanta Leanaí agus an Ráiteas maidir le Coimirciú Leanaí atá foilsithe ag an eagraíocht le haithint, tuairisciú agus bainistiú ábhar imní maidir le sábháilteacht leanaí agus cabhróidh siad le haon duine atá ag obair thar ceann na Comhairle Oidhreachta aird chuí a thabhairt ar chearta agus ar leasanna leanaí.
Bíonn idirghníomhaíocht ann, ar roinnt bealaí éagsúla, idir an Chomhairle Oidhreachta agus daoine óga: tríd an gclár ‘Oidhreacht sna Scoileanna’, trí Thionscadail Oifigeach Oidhreachta agus trí thionscadail eile a fhaigheann cúnamh deontais agus tionscadail oideachais a sholáthar.
Tá sé de chúram ar an gComhairle Oidhreachta treoirlínte agus beartais oiriúnacha maidir le cosaint leanaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Tús Áite do Leanaí - Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí. Ina theannta sin, cinntíonn an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta go gcomhlíontar an oibleagáid sin tríd an bPróiseas na gComhaontuithe maidir le Leibhéal Seirbhíse agus, chomh maith leis sin, tríd an gCoiste formhaoirseachta ar Chosaint Leanaí.
I bhfianaise na n-ábhar imní atá ann i gcoitinne sa tsochaí i ndáil le cosaint leanaí, tá sé riachtanach treoirlínte láidre a bheith ann maidir le cosaint leanaí chun tacú le gach ball foirne agus le daoine a dtacaíonn an Chomhairle Oidhreachta leo, ar baill foirne agus daoine iad a d’fhéadfadh a bheith ag idirghníomhú, in aon cháil, le leanaí agus chun cosaint aon leanbh atá faoinár gcúram a áirithiú.